Baile arrow Fá dtaobh dínn
Intreoir
Cuallacht Chríostaí neamh-shainchreidmheach muid suite in Iarthar Bhéal Feirste. Níl aon cheangal foirmiúil againn le heaglaisí ná le heagrais eile. As Iarthar Bhéal Feirste den chuid is mó muid ach fáiltímid fosta roimh dhaoine eile a d’aontódh lenár meon, ár n-aidhmeanna agus ár dtuairimí. Ós de lucht leanúna Íosa Críost muid, ba bhreá linn gur ‘Críostaithe’ a bhéarfaí orainn.

Meon agus Aidhmeanna


Is mian linn an Chríostaíocht s’againn a mhaireachtáil ar bhealach atá ábhartha do chultúr an phobail áitiúil in Iarthar Bhéal Feirste. Féachaimid le timpeallacht fháilteach a sholáthar mar a dtig le daoine a theacht agus an comhbhráithreachas Críostaí a roinnt. Is mian linn athnuachan beathaí a fheiceáil, athmhuintearas déanta, agus dóchas cruthaithe. Ba mhaith linn daoine a fheiceáil ag forbairt a gcumas ó Dhia, cumais spioradálta go háirithe, ar mhaithe le daoine eile, le luachanna Críostaí a rachas chun sochair i ngach limistéar den saol. Os cionn gach ní, creidimid go dtarlóidh sin de réir mar a dhruideann daoine níos cóngaraí do Dhia, i gcaidreamh pearsanta atá ag fás le hÍosa Críost, a dTiarna agus a Slánaitheoir.
 

Caidreamh le Dia


Is iomaí duine a chuardaíonn suaimhneas Dé, mothú na saoirse agus an mhaithiúnais ó chiontacht na bpeacaí a rinneadh, tús úr agus eolas níos doimhne ar Dhia grámhar atá beo beathach ina saol. Is é eochair an dorais seo muinín a chur in Íosa. Is é a dúirt sé: "Is mise an tslí, an fhírinne agus an bheatha.
Ní thagann aon duine go dtí an tAthair ach tríomsa." (Eoin 14v6). Gheall sé fosta: "Tagaigí chugam, sibhse uile a bhfuil saothar agus tromualach oraibh, agus tabharfaidh mé faoiseamh daoibh." (Matha 11v28). Tá Íosa ag iarraidh orainn a admháil go bhfuil maithiúnas agus athbhunú a dhíth orainn, ár n-iontaoibh a chur ann féin amháin, is cuma cad é a tharla roimhe, nó cén áit a bhfuilimid anois. Mar gheall ar bhás athaontaithe Íosa agus a bheatha aiséirí, thig linn na beannachtaí seo uilig a fháil in aisce, ó Dhia an tAthair, sa chreideamh, trí chumhacht an Spioraid Naoimh.

Creidimh


Creidimid i mbriathar Dé, an Bíobla, mar bhun deiridh ár gcreidimh. Léimid é leis an méid atá Dia a rá linn a chluinstin, le go dtig leis muid a threorú, agus go dtig linn ár mbeatha agus ár ndearcadh a athrú le go mbeidh siad ag teacht níos dlúithe leis an rud a deir sé. Féach 'ráiteas creidimh ' i gcomhair tuilleadh eolais.

Icon Gliogáil anseo don bhileog réamheolais i nGaeilge agus i mBéarla (formáid PDF).

Icon Le comhaid a fheiceáil i bhformáid PDF, gliogáil anseo do Acrobat Reader saor.
 
© 2010 Comhaltacht Chríostaí Ghleann Chóilín