Baile arrow Cuairt
Teach Foscailte
ImageGach tráthnóna Luain, bíonn staidéar díospóireachta Bíobla againn i dtigh John & Elaine. I ndiaidh an ghnáthráisteachais, déanaimid tamall díospóireachta ar shliocht den Bhíobla, agus tamall gairid urnaí, agus ansin tae/caife le ceapairí/borróga srl. Is gnách linn caibidil den Bhíobla a dhéanamh gach seachtain. Féachaimid le Briathar Dé a thuigbheáil, cén bhrí atá leis, agus conas a thig a fheidhmiu i saol an lae inniu.

Bíonn an plé de ghnáth bríomhar spéisiúil. Ní theastaíonn aon réamheolas ar an Bhíobla, ach toilteanas chun pléite agus léite. Tuilleadh mionsonraí ar leathanach na Léarscáileanna agus i bhFéilire na nImeachtaí .
 
© 2010 Comhaltacht Chríostaí Ghleann Chóilín